|
Chlis Mo Charr Orm
Chlis mo charr orm 11 lá (aon lá dhéag) ó shin. Tháinig mé suas (ó dheas) go dtí an Lios Mór (timpeall 187 ciliméadar (céad is seacht gciliméadar is ochtó)) breis is coicís ó shin le haire a thabhairt do mo mhac, agus bean mo chlainne san ospidéal. Ach bhí dhá ghig agam le déanamh ó thuaidh ó Bhriosbán agus bhí orm m'iníon is óige a bhailiú ón aerfort freisin.
Agus mar sin thosaigh mé turas beag le mo mhac ar ais go dtí mo theachsa i gCuan na Talún Rua Dé hAoine 12ú Nollaig (an dóú lá dhéag de mhí na Nollag) le fanacht eitilt m'iníne.
Bhailigh muid í go moch maidin Dé Sathairn sin agus ansin síos (ó thuaidh) linn uileag go hAmamór (timpeall 211 ciliméadar (dhá chéad is aon chiliméadar déag) i gcéin), áit ina bhfuil ár gcairde Will is Miyuki ina gcónaí. Is Seapánach í Miyuki agus tá clann acu den chomhaois le cuid de mo chlann féin.
Chuaigh mise go Maroochydore (timpeall 72 ciliméadar (dhá chiliméadar is seachtó) i gcéin) leis an chéad ghig a dhéanamh agus thug Will agus Miyuki na leanaí uileag go cóisir Nollag i dteach a gcuid cairde.
Rinne mé an chéad ghig ach ar an mbealach ar ais ón ngig, thosaigh inneall mo chairr ag éirí róthe go tobann. Stad mé í agus chuir mé uisce ann ach níor éirigh liom ach cupla ciliméadar eile a thaisteal sular éirigh sí róthe aríst.
Chuir mé glaoch ar Chumann na nGluaisteánaithe agus tháinig meicneoir le breathnú uirthi. Chuir seisean glaoch ar thrucail tarraingthe agus thug an tiománaí sin síob dhom go stáisiún peitril. D'eagraigh Cumann na nGluaisteánaithe Uber dhom uaidh sin ar ais go dtí Amamór. Rinne mé píobaireacht ansin freisin.
Ar an dea-uair, bhí an áit ar stad mé ann níos lú ná 300 ciliméadar (trí chéad ciliméadar) ó bhaile agus tarraingíodh an carr saor in aisce go dtí an Lios Mór agus d'eagraigh mé leis an gCumann teacht ar ais léi.
Mar sin, an lá ina dhiaidh sin, thug Miyuki síob dhomsa agus do mo bheirt pháiste go Maroochydore, rinne mé an dara gig agus ansin th'éis na gige, thóg muid Uber go dtí an trucail tarraingthe, agus fuair muid síob ar ais abhaile ar an dtrucail tarraingthe. Eachtra bheag don leanaí.
Tá carr m'iarmhná agam ar iasacht faoi láthair (níl sí in ann tiomáint agus í ag téarnú/ag teacht chuici féin), ach tá mé fós ar lorg carr nua ...
--- My Car Broke Down
My car broke down eleven days ago. I came down (south = "up" in classical Irish and some dialects, see Foclóir Gaeilge-Béarla, Ó Dónaill on teanglann.ie) to Lismore (about 187 km) a little over a fortnight ago to take care of my son, while the mother or my children was in hospital. But I had two gigs to do north of Brisbane and I had to pick my daughter up (= collect) from the airport too.
And so I started a little trip with my son back to my house in Redland Bay on Friday 12 December to wait for my daughter's flight.
We picked her up early that Saturday morning and then we all went up (north) to Amamoor (about 211 km away), where our friends Will and Miyuki live. Miyuki is Japanese and they have children the same age as some of mine.
I went to Maroochydore (about 72 km away) to do the first gig and Will and Miyuki took all of the kids to a Xmas party at their friends' house.
I did the first gig but on the way back from the gig, the engine of my car started to overheat suddenly. I stopped and put water in it but only managed to travel a couple more kilometers before she got too hot again.
I called the Motorists' Association and a mechanic came out to look at it. _He_ called a tow truck and that driver gave me a lift to a petrol station. The Motorists' Association arranged an Uber for me from there back to Amamoor. I played the pipes there too.
Luckily, the place I had stopped was less than 300 km from home and the car was towed to Lismore for free and I arranged with the Motorists' Association to come home with it.
So, the next day, Miyuki gave my two kids and me a lift to Maroochydore, I did the second gig and then after the giog, we caught an Uber to the tow truck, and got a lift home on the tow truck. A little adventure for the kids.
I have a lend of my ex's car at the moment (she can't drive while she is recovering), but I am still looking for a new car ...
_________________ [hr]Múinteoir Gaeilge - Irish Teacher[/hr] My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect, but I can also speak Ulster and Munster Irish with native-level pronunciation. Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí. Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), Gaeilic Uladh (GU), Gaelainn na Mumhan (GM), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).
|