It is currently Wed 24 Dec 2025 8:39 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 
Author Message
PostPosted: Fri 19 Dec 2025 7:23 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3583
Location: An Astráil
Trí hObráid

Chuaigh máthair mo chlainne (m'iarbhean) isteach san ospidéal Dé Luain beagnach coicís ó shin le haghaidh histireachtóime. Tá mise anseo sa Lios Mór (NSW) ó shin le haire a thabhairt ar mo mhac Cian atá deich mbliana d'aois.

Rinne an dochtúir ban (gínéiceolaí) botún san obráid agus bhrúisc sé ceann de na steintíní a cuireadh sna húiréadair le hiad a chosaint. Bacadh an t-úiréadar sin agus thosaigh a cuid uisce ag bailiú ina bolg (ina habdóman) agus ag brú ar a scairt agus ar a scamhógaí.

Dá bhrí sin, bhí ar m'iarbhean gabháil faoin scian an dara uair ar an Mháirt sin leis an steintín sin a dheisiú. Go hiondúil, is féidir an obráid sin a dhéanamh go neamhionrach thríd an úiréadra ach mar gheall ar go raibh an chéad steintín briste, bhí ar an úireolaí gabháil isteach leis a scian aríst.

Ach bhí pian fós ina duán eile ag m'iarbhean tar éis cupla lá. Bhí a huisce ag brú ar a scamhógaí fós freisin agus is ar éigean a bhí sí in ann anáil a tharraingt. Is cosúil go ndearna an gínéiceolaí dochar ar an úiréadar eile freisin agus go raibh sé tachta.

Mar bharr ar an donas, chuir duine eicínt mála a cataitéar níos airde ná a corp - botún an-bhunúsach ar fad !

Chuaigh sí faoin scian den tríú huair Dé hAoine den tseachtain seo caite le steintín nua a chur san úiréadar eile. Is cosúil gur éirigh leo faoi dheireadh.

Bhí droch-chuma uirthi fós ag tús na seachtaine seo ach tá sí ag teacht uirthi héin de réir a chéile agus is cosúil go dtiocfaidh sí slán as. Tá sí ina shuí agus ag siúl thart san ospidéal le cupla lá anois, buíochas le Dia, cé go raibh sí i bhfíorchontúirt ach cupla lá ó shin.

Tá súil againn go mbeidh sí ar ais sa mbaile go luath an tseachtain seo chugainn.



------


Three Operations

The mother of my children (my ex-wife) Ayumi went into hospital Monday nearly a fortnight ago for a hysterectomy. I've been in Lismore (NSW) since then to look after my son Cian, who is ten years old.



The gynaecologist botched the operation and crushed one of the stents placed in the ureters to protect them. That ureter was blocked and her fluids started to accumulate in her abdomen and press on her diaphragm and lungs.



Because of that, Ayumi had to undergo a second operation on that Tuesday to fix that stent. Usually, that operation can be performed non-invasively through the urethra but because the first stent was broken, the urologist had to go in with the knife again.



But my ex still had pain in her other kidney after a couple of days. Her fluids were still pressing on her lungs too and she could hardly breathe. It appears that the gynaecologist damaged the other ureter as well and it was blocked.



To top it all off, someone placed her catheter bag higher than her body - a pretty basic mistake!



She underwent a third operation last Friday to put a new stent into the other ureter.

It appears that they finally succeeded.

She still looked poorly at the beginning of this week but she has been coming around gradually and it appears she will survive. She has been up and walking about the hospital for the last couple of days, thank God, even though she was in grave danger only a couple of days ago.

We expect her to be home early next week.

_________________

WARNING: Intermediate speaker - await further opinions, corrections and adjustments before acting on my advice.
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 20 Dec 2025 3:57 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1708
Nách mór an bhuairt é sin, a Bhreanndáin! Agus go díreach roim Nollaig leis. Is breá go bhfuileann tú ansan chun aire a thabhart dod mhac Cian. Tá súil agam go bhfuil Cian ag deighleáil leis an scéal go maith, agus gur féidir libh go léir Nollaig mhaith a bheith agaibh 'na dhiaidh san is uile...


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 20 Dec 2025 4:04 am 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3583
Location: An Astráil
djwebb2021 wrote:
Nách mór an bhuairt é sin, a Bhreanndáin! Agus go díreach roim Nollaig leis. Is breá go bhfuileann tú ansan chun aire a thabhart dod mhac Cian. Tá súil agam go bhfuil Cian ag deighleáil leis an scéal go maith, agus gur féidir libh go léir Nollaig mhaith a bheith agaibh 'na dhiaidh san is uile...

Go raibh míle maith 'ad, a chara. Beidh a mháthair sa mbaile roimh Nollaig, le cúnamh Dé.

_________________

WARNING: Intermediate speaker - await further opinions, corrections and adjustments before acting on my advice.
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Labhrás and 726 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group